search


keyboard_tab EIDAS 2014/0910 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2014/0910 GA cercato: '   maidir' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


just index    maidir:

    CAIBIDIL I
    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    CAIBIDIL II
    RÍOMH-SHAINAITHEANTAS

    CAIBIDIL III
    SEIRBHÍSÍ IONTAOIBHE

    ROINN 1
    Forálacha ginearálta

    ROINN 2
    Maoirseacht

    ROINN 3
    Seirbhísí iontaoibhe cáilithe

    ROINN 4
    Ríomhshínithe

    ROINN 5
    Ríomhshéalaí

    ROINN 6
    Ríomhstampaí ama

    ROINN 7
    Ríomhsheirbhísí seachadta chláraithe

    ROINN 8
    Fíordheimhniú láithreán gréasáin

    CAIBIDIL IV
    RÍOMHDHOICIMÉID

    CAIBIDIL V
    TARMLIGIN CUMHACHTA AGUS FORÁLACHA CUR CHUN FEIDHME

    CAIBIDL VI
    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA


whereas    maidir:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 411

 

Airteagal 14

Gnéithe idirnáisiúnta

1.   Aithneofar maidir le seirbhísí iontaoibhe á gcur ar fáil ag soláthraithe atá bunaithe i dtríú tír go bhfuil siad comhionann go dlíthiúil le seirbhísí iontaoibhe cáilithe á gcur ar fáil ag soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe san Aontas más rud é go mbeidh na seirbhísí iontaoibhe de thionscnamh an tríú tír aitheanta faoi chomhaontú idirnáisiúnta a cuireadh i gcrích idir an tAontas agus an tríú tír atá i gceist nó eagraíochtaí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 218 CFAE.

2.   maidir leis na comhaontuithe dá dtagraítear i mír 1, áiritheofar, go háirithe, na nithe a leanas:

(a)

maidir leis na ceanglais is infheidhme maidir le soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe atá bunaithe san Aontas agus na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a chuireann siad ar fáil, gurb iad na soláthraithe seirbhísí iontaoibhe i dtríú tír nó in eagraíochtaí idirnáisiúnta lenar cuireadh an comhaontú i gcrích, agus trí na seirbhísí iontaoibhe a chuireann siad ar fáil, a chomhlíonfaidh na ceanglais sin

(b)

go bhfuil sé aitheanta maidir leis na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a chuireann soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe atá bunaithe san Aontas ar fáil go bhfuil na seirbhísí sin comhionann go dlíthiúil leis na seirbhísí iontaoibhe a chuireann soláthraithe seirbhísí iontaoibhe ar fáil i dtríú tíortha nó in eagraíochtaí idirnáisiúnta lenar cuireadh an comhaontú i gcrích.

Airteagal 24

Ceanglais do sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe

1.   Agus deimhniú cáilithe á eisiúint aige do sheirbhís iontaoibhe, fíoróidh soláthraí cáilithe seirbhíse iontaoibhe, ar dhóigheanna iomchuí agus i gcomhréir leis an dlí naisiúnta, céannacht agus, más ábhartha, aon saintréithe sonracha atá ag an duine nádúrtha nó dlítheanach a n-eiseofar an deimhniú incháilithe dó.

Déanfaidh an soláthraí cáilithe seirbhíse iontaoibhe an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fhíorú go díreach nó trí bhrath ar thríú páirtí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta:

(a)

trí láithreacht fhisiciúil an duine nádúrtha nó ionadaí údaraithe an duine dhlítheanaigh, nó

(b)

go cianda, tríd an modh ríomh-shainaitheantais a úsáid, a raibh láithreacht fhisiciúil an duine nádúrtha nó ionadaí údaraithe an duine dhlítheanaigh áirithithe ina leith roimh eisiúint an deimhnithe cháilithe agus lena gcomhlíonfar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 8 i dtaca leis na leibhéil dearbhaithe slándála “suntasach” nó “ard”, nó

(c)

trí dhearbhú ríomhshínithe cháilithe nó dearbhú ríomhshéala cháilithe a eiseofar i gcomhréir le pointe (a) nó le pointe (b), nó

(d)

trí mhodhanna eile sainaitheantais a úsáid a aithnítear ar an leibhéal náisiúnta agus lena dtugtar dearbhú ó thaobh iontaofachta de atá coibhéiseach le láithreacht fhisiciúil. Beidh ar chomhlacht measúnaithe comhréireachta an dearbhú coibhéiseach a dheimhniú.

2.   Déanfaidh soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe a sholáthraíonn seirbhísí iontaoibhe cáilithe an méid seo a leanas:

(a)

cuirfidh sé an comhlacht maoirseachta ar an eolas maidir le haon athrú a dhéanfar i soláthar a sheirbhísí iontaoibhe cáilithe, agus rún a bheidh aige deireadh a chur lena gcuid gníomhaíochtaí;

(b)

fostóidh sé foireann agus, más infheidhme, fochonraitheoirí a mbeidh an saineolas, an iontaofacht, an taithí agus na cáilíochtaí a mbeidh gá leo acu araon agus a mbeidh oiliúint iomchuí curtha orthu maidir leis na rialacha slándála agus cosanta sonraí pearsanta agus cuirfidh siad nósanna imeachta riaracháin agus bainistithe i bhfeidhm a bheidh ar chomhchéim le caighdeáin Eorpacha nó caighdeáin idirnáisiúnta;

(c)

i dtaca leis an riosca dliteanais i leith damáistí i gcomhréir le hAirteagal 13, coinneoidh sé dóthain acmhainní airgeadais agus/nó gheobhaidh sé árachas iomchuí i gcoinne dliteanais i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;

(d)

roimh dhul isteach i gcaidreamh conarthach, déanfaidh sé aon duine ar mian leis seirbhís iontaoibhe incháilithe a úsáid a chur ar an eolas, ar bhealach soiléir agus cuimsitheach, faoi na téarmaí beachta agus na coinníollacha beachta a bhaineann le húsáid na seirbhíse sin, lena n-áirítear aon teorannú maidir lena húsáid;

(e)

déanfaidh sé córais agus táirgí iontaofa a úsáid a bheidh cosanta ar mhionathruithe agus lena n-áiritheofar slándáil theicniúil agus iontaofacht na bpróiseas a láimhseálann siad;

(f)

déanfaidh sé córais iontaofa a úsáid chun sonraí a thabharfar dó a stóráil i bhfoirm infhíoraithe, sa dóigh gur fíor an méid seo a leanas maidir leo:

(i)

níl na sonraí ar fáil don phobal chun aisghabhála ach sa chás go bhfuarthas cead an duine a mbaineann na sonraí sin leis,

(ii)

ní féidir ach le daoine údaraithe iontrálacha agus athruithe a dhéanamh ar na sonraí a stóráiltear,

(iii)

is féidir fíordheimhniú na sonraí a sheiceáil;

(g)

déanfaidh sé bearta iomchuí in aghaidh bhrionnú agus ghadaíocht na sonraí;

(h)

déanfaidh sé taifead ar an bhfaisnéis ábhartha uile a bhaineann le sonraí a eisíonn an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus a fhaigheann sé agus coinneoidh sé ar fáil é le haghaidh tréimhse iomchuí ama, lena n-áirítear tar éis dheireadh ghníomhaíochtaí uile an tsoláthraí cháilithe seirbhísí iontaoibhe, go háirithe chun fianaise a sholáthar in imeachtaí dlíthiúla agus chun leanúnachas na seirbhíse a áirithiú. Féadfar an taifeadadh sin a dhéanamh go leictreonach;

(i)

plean foirceanta a bheith aige atá cothrom le dáta chun leanúnachas seirbhíse a áirithiú i gcomhréir le forálacha a fhíoróidh an comhlacht meastóireachta faoi phointe (i) d’Airteagal 17(4);

(j)

próiseáil dhleathach sonraí pearsanta a áirithiú i gcomhréir le Treoir 95/46/CE;

(k)

maidir le soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe a eisíonn deimhnithe cáilithe, bunóidh sé bunachar sonraí deimhnithe suas chun dáta.

3.   I gcás ina gcinneann soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe a eisíonn deimhnithe cáilithe deimhniú a chúlghairm, déanfaidh siad an chúlghairm sin a chlárú ina mbunachar sonraí deimhnithe agus déanfaidh siad stádas cúlghairme an deimhnithe a fhoilsiú go tráthúil, ach i gcás ar bith laistigh de 24 uair an chloig tar éis an iarraidh a fháil. Beidh éifeacht ag an gcúlghairm a luaithe a fhoilseofar é.

4.   maidir le mír 3, soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe a eiseoidh deimhnithe cáilithe, cuirfidh siad ar fáil d’aon pháirtí is úsáideoir faisnéis maidir le stádas bailíochta nó stádas cúlghairme deimhnithe cáilithe a d’eisigh siad. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil ar a laghad ar bhonn deimhnithe tráth ar bith agus i ndiaidh thréimhse bailíochta an deimhnithe, ar bhealach uathoibríoch a bheidh iontaofa, saor in aisce agus éifeachtúil.

5.   Féadfaidh an Coimisiún, de bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha a bhunú do chaighdeáin le haghaidh córas agus táirgí iontaofa, ar caighdeáin iad lena gcomhlíonfar na ceanglais faoi phointe (e) agus faoi phointe (f) de mhír 2 den Airteagal seo. Measfar go bhfuil na ceanglais a leagtar síos san Airteagal seo á gcomhlíonadh, i gcás ina gcomhlíonfaidh córais agus táirgí iontaofa na caighdeáin sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

ROINN 4

Ríomhshínithe

Airteagal 25

Éifeachtaí dlíthiúla na ríomhshínithe

1.   Ní shéanfar éifeacht dhlíthiúil ríomhshínithe ná a inghlacthacht mar fhianaise in imeachtaí dlíthiúla ar an aon fhoras amháin go bhfuil sé i bhfoirm leictreonach nó ar an bhforas nach gcomhlíonann sé ceanglais le haghaidh ríomhshínithe cháilithe.

2.   Beidh ríomhshíniú cáilithe ar aon éifeacht dhlíthiúil le síniú lámhscríofa.

3.   maidir le ríomhshíniú cáilithe atá bunaithe ar dheimhniú cáilithe a eisíodh i mBallstát amháin, aithneofar é mar ríomhshíniú cáilithe i ngach Ballstát eile.

Airteagal 27

Ríomhshínithe sna seirbhísí poiblí

1.   I gcás ina mbeidh ríomhshíniú ardleibhéil ag teastáil ó Bhallstát chun úsáid a bhaint as seirbhís ar líne a thairgeann comhlacht poiblí, nó a thairgtear thar cheann an chomhlachta, sainaithneoidh an Ballstát sin ríomhshínithe ardleibhéil, ríomhshínithe ardleibhéil bunaithe ar dheimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshínithe agus ríomhshínithe cáilithe ar a laghad sna formáidí nó trí úsáid a bhaint as na modhanna a shainítear sna gníomhartha chur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5.

2.   I gcás ina mbeidh ríomhshíniú ardleibhéil bunaithe ar dheimhniú cáilithe ag teastáil ó Bhallstát chun úsáid a bhaint as seirbhís ar líne a thairgeann comhlacht poiblí, nó a thairgtear thar cheann an chomhlachta, sainaithneoidh an Ballstát sin ríomhshínithe ardleibhéil bunaithe ar dheimhniú cáilithe agus ríomhshínithe cáilithe ar a laghad sna formáidí nó trí úsáid a bhaint as na modhanna a shainítear sna gníomhartha chur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5.

3.   maidir le húsáid trasteorann seirbhíse ar líne atá á cur ar fáil ag comhlacht poiblí, ní iarrfaidh na Ballstáit ríomhshíniú ar leibhéal níos airde slándála ná leibhéal ríomhshínithe cháilithe.

4.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán a bhunú maidir le ríomhshínithe ardleibhéil. Toimhdeofar go gcomhlíontar na ceanglais maidir le ríomhshínithe ardleibhéil dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo agus in Airteagal 26 tráth a gcomhlíonfaidh ríomhshíniú ardleibhéil na caighdeáin sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

5.   Faoin 18 Meán Fómhair 2015, agus na cleachtais, na caighdeáin agus gníomhartha dlíthiúla an Aontais á gcur san áireamh, déanfaidh an Coimisiún tri bhíthin ghníomhartha cur chun feidhme na formáidí tagartha do ríomhshínithe ardleibhéil nó na modhanna tagartha i gcás ina n-úsáidfear formáidí eile a shainiú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 35

Éifeachtaí dlíthiúla ríomhshéalaí

1.   Ní shéanfar ar ríomhshéala éifeacht dhlíthiúil ná inghlacthacht mar fhianaise in imeachtaí dlíthiúla ar an aon fhoras amháin go bhfuil sé i bhfoirm leictreonach nó ar an bhforas nach gcomhlíonann sé na ceanglais uile le haghaidh ríomhshéalaí cáilithe.

2.   maidir le ríomhshéala cáilithe, toimhdeofar sláine na sonraí agus beachtas thionscnamh na sonraí sin a mbeidh nasc acu leis an ríomhshéala cáilithe.

3.   maidir le ríomhshéala cáilithe a bheidh bunaithe ar dheimhniú cáilithe a eisíodh i mBallstát amháin, aithneofar é mar ríomhshéala cáilithe i ngach Ballstát eile.

Airteagal 37

Ríomhshéalaí sna seirbhísí poiblí

1.   I gcás ina mbeidh ríomhshéala ardleibhéil ag teastáil ó Bhallstát chun úsáid a bhaint as seirbhís ar líne a thairgeann comhlacht poiblí, nó a thairgtear thar cheann an chomhlachta, sainaithneoidh an Ballstát sin ríomhshéalaí ardleibhéil, ríomhshéalaí ardleibhéil bunaithe ar dheimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshéalaí agus ríomhshéalaí cáilithe ar a laghad sna formáidí nó trí úsáid a bhaint as na modhanna a shainítear san ghníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5.

2.   I gcás ina mbeidh ríomhshéala ardleibhéil bunaithe ar dheimhniú cáilithe ag teastáil ó Bhallstát chun úsáid a bhaint as seirbhís ar líne a thairgeann comhlacht poiblí, nó a thairgtear thar cheann an chomhlachta, sainaithneoidh an Ballstát sin ríomhshéalaí ardleibhéil bunaithe ar dheimhniú cáilithe agus ríomhshéalaí cáilithe ar a laghad sna formáidí nó trí úsáid a bhaint as na modhanna a shainítear sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5.

3.   maidir le húsáid trasteorann seirbhís ar líne a bheidh á cur ar fáil ag comhlacht poiblí, ní iarrfaidh na Ballstáit ríomhshéala ar leibhéal níos airde slándála ná leibhéal ríomhshéala cháilithe.

4.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán a bhunú maidir le ríomhshéalaí ardleibhéil. Toimhdeofar go bhfuil na ceanglais maidir le ríomhshéalaí ardleibhéil dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo agus in Airteagal 36 á gcomhlíonadh tráth a gcomhlíonfar na caighdeáin sin le ríomhshéala ardleibhéil. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2)

5.   Faoin 18 Meán Fómhair 2015, agus na cleachtais, na caighdeáin agus gníomhartha dlíthiúla an Aontais á gcur san áireamh, déanfaidh an Coimisiún, tri bhíthin ghníomhartha cur chun feidhme na formáidí tagartha do ríomhshéalaí ardleibhéil nó na modhanna tagartha i gcás ina n-úsáidfear formáidí eile a shainiú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 41

Éifeacht dhlíthiúil ríomhstampaí ama

1.   Ní shéanfar ar ríomhstampa ama éifeacht dhlíthiúil ná inghlacthacht mar fhianaise in imeachtaí dlíthiúla ar an bhforas amháin go bhfuil sé i bhfoirm leictreonaigh nó nach gcomhlíonann sé ceanglais uile an ríomhstampa cháilithe ama.

2.   maidir le ríomhstampa cáilithe ama, toimhdeofar cruinneas an dáta agus an ama a luafaidh sé agus sláine na sonraí lena mbeidh an dáta agus an t-am nasctha.

3.   maidir le ríomhstampa cáilithe ama a eisíodh i mBallstát amháin, sainaithneofar é mar ríomhstampa cáilithe ama i ngach Ballstát.

Airteagal 43

Éifeacht dhlíthiúil ríomhsheirbhíse seachadta cláraithe

1.   maidir le sonraí a sheolfar agus a ghlacfar trí ríomhsheirbhís seachadta chláraithe a úsáid, ní shéanfar orthu éifeacht dhlíthiúil ná inghlacthacht mar fhianaise in imeachtaí dlíthiúla ar an bhforas amháin go bhfuil sé i bhfoirm leictreonaigh nó nach gcomhlíonann sé ceanglais uile na ríomhseirbhíse seachadta cláraithe.

2.   maidir le sonraí a sheolfar agus a ghlacfar trí ríomhsheirbhís seachadta chláraithe a úsáid, toimhdeofar sláine na sonraí sin, seoladh na sonraí sin ag an seoltóir sainaitheanta agus fáil na sonraí ag an seolaí sainaitheanta agus cruinneas an dáta agus an ama a sheolfar agus a gheofar na sonraí a shonróidh an ríomhsheirbhís seachadta cláraithe.


whereas









keyboard_arrow_down